Siúlóid ar an Chanáil Ríoga

Tá Glór na nGael ag eagrú siúlóid do Ghaeilgeoirí ó thús go deireadh na Canála Ríoga le linn mí Iúil seo chugainn.
Siúlóid cúig lá a bheidh ann dar tús Dé Luain 2 Iúil ag an Balla Thuaidh i mBaile Átha Cliath agus ag críochnú ag Tearmann Bearaigh i gContae Ros Comáin Beidh spásanna teoranta ar an siúlóid do chúigear duine dhéag agus costas €300 an duine i gceist a chlúdóidh leaba agus bricfeasta.
Socrófar lóistín do na siúlóirí i Má Nuad, Cionn Átha Gad, Muilleann gCearr, Baile Uí Mhatháin agus Tearmann Bearaigh.
Duine ar bith ar spéis leo páirt a ghlacadh sa dúshlán seo, is féidir teagmháil a dhéanamh le Marcas Mac Ruairí ag +353 86 171
9755 nó ar r.phost ag marcas@glornangael.ie
]]>