Irish Language Consultation – DCAL Notice

STRAITÉIS DRÉACHTA LE FORBAIRT NA GAEILGE A CHOSAINT AGUS A FHEABHSÚ

Tá cáipéis chomhairliúcháin ullmhaithe ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) ina bhfuil moltaí maidir le straitéis le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a fheabhsú.

Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin fiche seachtain, ón Chéadaoin 11 Iúil go dtí an Mháirt 27 Samhain 2012.

Is é cuspóir an phróiseas comhairliúcháin phoiblí seo tuairimí agus aiseolas a lorg maidir le hábhar na straitéise dréachta don Ghaeilge. Tá aidhmeanna, cuspóirí agus réimsí gnímh inti i dtaca leis an Ghaeilge a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn ar bhealach forghníomhach.

Is iad príomhaidhmeanna na straitéise dréachta don Ghaeilge:

  • creat a chruthú ina dtig leis an Ghaeilge bláthú agus ina dtig le gach duine ar mian leo í a úsáid déanamh amhlaidh i gcomhpháirt lena chéile;
  • forbairt agus foghlaim na Gaeilge a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dó seo; agus
  • tuiscint níos fearr ar chúlra na Gaeilge a chur chun cinn.

Is iad seo a leanas cuspóirí na Straitéise dréachta:

  • líon na ndaoine a bhfuil rochtain acu ar an Ghaeloideachas a mhéadú;
  • líon na ndaoine a bhaineann úsáid as seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú;
  • rochtain ar na meáin Ghaeilge a mhéadú.

Ar na príomhréimsí gnímh tá: oideachas; seachadadh na Gaeilge sa teaghlach; riarachán, seirbhísí agus cúrsaí pobail; na meáin chumarsáide agus teicneolaíocht; reachtaíocht agus stádas na teanga; agus an saol eacnamaíochta.

Ní mór freagairtí ar na ceisteanna lárnacha sa cháipéis agus aiseolas ar bith eile a chur ar ais tráth nach déanaí ná 5:00in Dé Máirt 27 Samhain 2012.

Tig leat freagairt a thabhairt ar an phróiseas comhairliúcháin ar líne ag an nasc thíos.  Is féidir leat, fosta, aiseolas ar ghné ar bith den straitéis dréachta a sholáthar i do rogha féin formáide.

Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla ar fáil.  Más fearr leat leagan clóite, níl le déanamh ach é a iarraidh.  Má tá an cháipéis chomhairliúcháin de dhíth ort i bhform

áid inrochtana, Braille, mar shampla, clostéip nó cló mór, déan teagmháil leis an chomhordaitheoir freagairtí.

DRAFT STRATEGY FOR PROTECTING AND ENHANCING THE DEVELOPMENT OF THE IRISH LANGUAGE

The Department of Culture, Arts and Leisure (DCAL) has prepared a consultative document containing proposals for a strategy for protecting and enhancing the development of the Irish language.

The consultation period will last for twenty weeks from Wednesday 11 July until Tuesday 27 November 2012.

The purpose of this public consultation is to seek views and feedback on the content of the draft Irish language strategy, which includes aims, objectives and areas for action to proactively protect, enhance and develop the Irish language.

The key aims of the draft Irish language strategy are to:

  • create a framework where Irish can flourish and be shared by all who wish to use it;
  • protect and support the development and learning of Irish; and
  • promote wider understanding of the background to the Irish language.

The strategy has the following objectives:

  • to increase the number of those who can access Irish medium education;
  • to increase the number of those that use public services through the Irish language; and
  • to increase access to Irish language media.

Key areas for action include education; family transmission of Irish; administration, services and community; media and technology; legislation and status of the language; and economic life.

Responses to the key questions contained in the document and any other feedback should be returned no later than 5:00pm on Tuesday 27 November 2012.

You can respond to the consultation online at the link below.  You can, of course, provide feedback on any aspect of the draft strategy in any format that best suits your needs.

The document is available in English and Irish.  If you would prefer a printed version, it can be obtained on request.  Should you require the consultation document in an accessible format such as Braille, audio-tape or large print, please contact the response co-ordinator.

Email / Ríomhphost:          Consultations@dcalni.gov.uk

Telephone / Guthán:         028 90515057

 

Post:

Response Co-ordinator Comhordaitheoir Freagairtí
Language Strategies Team An Fhoireann un Straitéisí Teangacha
Department of Culture, Arts and Leisure An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta
Level 7 Leibhéal 7
Causeway Exchange Malartán an Chabhsa
1-7 Bedford Street 1-7 Sráid Bedford
Belfast BT2 7EG       Béal Feirste BT2 7EG